AN tSRAITH SHINSEARACHLeaving Certificate

Cuirtear an Ardteist traidisiúnta ar fáil anseo dár scoláirí uilig. Faigheann na scoláirí idir 5-10% marcanna breise nuair a thugann siad faoin bpáipéar trí mheán na Gaeilge.

Féadfaidh an t-oideachas sraithe sinsearaí in Éirinn a bheith dhá bhliain nó trí bliana ar fad. Féadfaidh scoláirí clár Ardteistiméireachta dhá bhliain a dhéanamh nó bliain roghnach bhreise a dhéanamh ag tús na sraithe sóisearaí. An Idirbhliain a thugtar uirthi sin.

Déanann formhór na scoláirí an Ardteistiméireacht ag deireadh na sraithe sinsearaí. Is gnách le scoláirí idir 6 agus 8 n-ábhar a roghnú as liosta ábhar faofa.
Déanann scoláirí a roghnaíonn Gairmchlár na hArdteistiméireachta 6 nó 7 n-ábhar Ardteistiméireachta mar aon le dhá nascmhodúl: Ullmhúchán do Shaol na hOibre agus Oideachas Fiontraíochta.

Déanann scoláirí a roghnaíonn an Ardteistiméireacht Fheidhmeach clár réamhghairme ina bhfuil raon cúrsaí bunaithe ar thrí eilimint: Gairmullmhúchán, Gairmoideachas agus Oideachas Ginearálta.

We offer the traditional Leaving Certificate programme to all of our students. Students receive an extra 5-10% when they sit the exam as Gaeilge.

Senior cycle education in Ireland may be of two or of three year’s duration. Students may follow a two-year Leaving Certificate programme or they may take an additional optional year at the start of their senior cycle. This year is called Transition Year.

Most students take the Leaving Certificate examination at the end of their senior cycle. Students normally choose 6 to 8 subjects from the list of approved subjects.
Students following the Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP) take 6 or 7 Leaving Certificate subjects and two additional Link Modules: Preparation for the World of Work and Enterprise Education.

Leaving Certificate Applied (LCA) students follow a pre-vocational programme made up of a range of courses that are structured round three elements: Vocational Preparation, Vocational Education and General Education.

Déanfaidh gach mac léinn staidéar ar na croí-ábhair

  • An Ghaeilge

    Tógann Gaeilge na hArdteistiméireachta ar an bhforbairt teanga a tharlaíonn sa tsraith shóisearach. Dírítear ar na ceithre scil teanga le go n-ullmhófar an foghlaimeoir le páirt ghníomhach a ghlacadh sa saol dátheangach ina mairimid in Éirinn, agus spreagtar é/í lena t(h)uairimí a fhorbairt agus a roinnt. Ullmhaítear an foghlaimeoir freisin le go mbeidh ar a c(h)umas tabhairt faoin mbreisoideachas sa Ghaeilge, nó trí mheán na Gaeilge.

    Déantar an Ghaeilge a mheasúnú ag trí leibhéal .i. Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Tá béaltriail, ar fiú 40% den fhormharc í, ina cuid éigeantach den mheasúnú seo. Déantar trí scil cainte eile gach foghlaimeora a mheasúnú freisin .i. an éisteacht, an léitheoireacht agus an scríobh. Caitear staidéar a dhéanamh ar ghnéithe de théacsanna liteartha na Gaeilge ag an nGnáthleibhéal agus déantar staidéar níos géire ar na saothair chéanna seo, agus ar shaothair bhreise, ag an Ardleibhéal.

  • Béarla

    Féachtar le Béarla na hArdteistiméireachta le heispéireas saibhir teanga a chur ar fáil do scoláirí, ionas go dtagann siad chun bheith líofa agus ábalta an teanga a úsáid go cruinn beacht agus go dtuigeann siad a thábhachtaí atá sé ina saol. Forbraíonn na scoláirí scileanna litearthachta agus scileanna ó bhéal i réimsí éagsúla, idir phearsanta, shóisialta agus chultúrtha. Sealbhaíonn scoláirí raon leathan scileanna agus coincheap a chuireann ar a gcumas ábhair éagsúla a léirmhíniú agus taitneamh a bhaint astu ionas go dtagann siad chun bheith ina bhfoghlaimeoirí neamhspleácha ar féidir leo oibriú ar a gconlán féin sa domhan lasmuigh den scoil.

    Déantar Béarla na hArdteistiméireachta a mheasúnú ag dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal.

  • Matamaitic

    I Matamaitic na hArdteistiméireachta tógtar ar an mhatamaitic a foghlaimíodh sa tsraith shóisearach agus féachtar leis an eolas, na scileanna agus an tuiscint mhatamaiticiúil is gá chun leanúint den oideachas, dul ar aghaidh sa saol agus dul i mbun oibre a thabhairt don dalta. Cabhraíonn staidéar ar an matamaitic le daltaí smaoineamh ar shlí sholúbtha, dea-araíonachta chun fadbhanna a réiteach i gcomhthéacsanna matamaiticiúla agus i gcomhthéacsanna san fhíorshaol.

    Ar thrí leibhéal a chuirtear an siollabas ar fáil – Ardleibhéal, Gnáthleibhéal agus Bonnleibhéal – agus measúnaítear é ar gach ceann de na leibhéil sin. Bíonn páipéar scrúdaithe ar leith ann ag gach ceann den dá leibhéal.

  • An Fhrainc nó An Ghearmáin

    AN FHRAINC
    Múintear an Fhraincis de réir siollabas coiteann do mhúineadh agus scrúdú na nua-theangacha san Ardteistiméireacht. Féachtar leis an siollabas seo le scileanna cumarsáide sa Fhraincis a mhúineadh don scoláire, straitéisí a thabhairt dóibh chun an teanga a fhoghlaim go héifeachtach agus feasacht a mhúscailt iontu ar éagsúlacht chultúrtha, shóisialta agus pholaitiúil.

    Déantar an Fhraincis a mheasúnú i scrúdú scríofa, agus i scrúdú cluaise agus béil, ag dhá leibhéal – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal.

    AN GHEARMÁIN
    Múintear an Ghearmáinis de réir siollabas coiteann do mhúineadh agus scrúdú na nua-theangacha san Ardteistiméireacht. Féachtar leis an siollabas seo le scileanna cumarsáide sa Ghearmáinis a mhúineadh don scoláire, straitéisí a thabhairt dóibh chun an teanga a fhoghlaim go héifeachtach agus feasacht a mhúscailt iontu ar éagsúlacht chultúrtha, shóisialta agus pholaitiúil.

    Déantar an Ghearmáinis a mheasúnú i scrúdú scríofa, agus i scrúdú cluaise agus béil, ar dhá leibhéal – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal.

All students will study the core subjects

  • Irish

    Leaving Certificate Irish builds upon the language developed during Junior Cycle. All four language skills are further developed in order to enable the learner take an active part in the bilingual society in which we live in today in Ireland. The learner is encouraged to develop and share her/his views on a range of topics. The learner is also prepared during Senior Cycle for further study in or through Irish.

    Irish is assessed at three levels i.e. Foundation Level, Ordinary Level or Higher Level. The learner’s oral competency is assessed around Easter of the final year, in an oral examination worth 40%, at each level, of the overall mark, and the other three skills are assessed in June. Aspects of literary works must be studied at Ordinary Level while at Higher Level these same works and additional material must be studied in greater detail.

  • English

    Leaving Certificate English invites students into rich experiences with language so that they become fluent and thoughtful users of it and more aware of its significance in their lives. It develops a range of literacy and oral skills in a variety of areas, personal, social, and cultural. Students develop a wide range of skills and concepts. These will allow them to interpret and enjoy a range of material so that they become independent learners who can operate independently in the world beyond the school.

    Leaving Certificate English is assessed at two levels, Ordinary and Higher level.

  • Mathematics

    Mathematics at Senior Cycle builds on the learning at Junior Cycle and develops mathematical knowledge, skills and understanding needed for continuing education, life and work. Through their study of mathematics, students develop a flexible, disciplined way of thinking which enables them to solve problems in mathematical and real world contexts.

    The syllabus is provided at three levels – Higher, Ordinary and Foundation level and is also assessed at these levels. There are two examination papers at each level.

  • Either French or German

    FRENCH
    Leaving Certificate French follows a common syllabus framework for the teaching and examining of modern languages in the Leaving Certificate. The syllabus aims to develop learners’ communicative skills in the French, to develop their strategies for effective language learning and raise their awareness of cultural, social and political diversity.

    Assessment is by means of a written examination, and an aural and oral examination at two levels, Ordinary level and Higher level.

    GERMAN
    Leaving Certificate German follows a common syllabus framework for the teaching and examining of modern languages in the Leaving Certificate. The syllabus aims to develop learners’ communicative skills in the German, to develop their strategies for effective language learning and raise their awareness of cultural, social and political diversity.

    Assessment is by means of a written examination, and an aural and oral examination at two levels, Ordinary level and Higher level.

Is féidir le mic léinn roghnú as na hábhair roghnacha seo a leanas

  • An Chuntasaíocht

    Tugann Cuntasaíocht na hArdteistiméireachta an t-eolas, an tuiscint agus na scileanna cuntasaíochta agus bainistíocht airgeadais is gá chun go mbeidh ar chumas scoláirí cuntais phearsanta agus bunchuntais cuideachta a bhainistiú. Tríd an méid a fhoghlaimíonn siad sa chuntasaíocht, forbraítear a gcumas chun rudaí a eagrú agus smaoineamh go loighciúil, agus sealbhaíonn siad scileanna pleanála agus fadhbréitigh a bheidh úsáideach feasta ina saol pearsanta, ag an obair agus chun staidéar a dhéanamh. Forbraíonn siad scileanna uimhearthachta, leis, i gcomhthéacs gnó agus fiontair. Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.

  • Ealaín

    Fáilte chuig an tsonraíocht nua d’Ealaín na hArdteistiméireachta. Forbraíodh an tsonraíocht seo bunaithe ar an bpróiseas ealaíonta agus ar an gcaoi a dtacaíonn sé leis an bhfoghlaim. Bíonn an Ealaín idir chruthaitheach agus léiritheach, agus tugann sí deis na scileanna a theastaíonn le haghaidh rannpháirtíocht chruthaitheach sa domhan a fhorbairt. Leagtar amach ionchais shoiléire maidir le scoláirí sa tsonraíocht thar thrí shnáithe idirghaolmhara agus idirspleácha: Taighde, Cruthú agus Freagairt. Is féidir teacht ar an tsonraíocht ar líne, na treoirlínte, siollabas reatha Ealaín na hArdteistiméireachta (a thiocfaidh chun críche in 2021), ciorcláin agus fógraí eile, ach cliceáil thíos:
    Ealaín – Sonraíocht na hArdteistiméireachta

  • Bitheolaíocht

    Staidéar ar an mbeatha atá sa bhitheolaíocht. Scoláirí a roghnaíonn an bhitheolaíocht, taiscéalann siad éagsúlacht na beatha agus na hidirghaolmhaireachtaí idir orgánaigh agus an timpeallacht ina maireann siad. Cuireann siad eolas ar an tslí ina n-úsáidtear orgánaigh bheo agus a dtáirgí chun cur le sláinte an duine agus le timpeallacht an duine.

    Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal. Tá an siollabas bitheolaíochta faoi athbhreithniú i láthair na huaire.

  • Gnó

    Tugann Gnó na hArdteistiméireachta léargas do scoláirí ar a thábhachtaí atá gníomhaíocht gnó, agus cothaíonn sé iontu dearcadh dearfach eiticiúil i leith na fiontraíochta. Cabhair is ea an próiseas foghlama sa ghnó chun smaointeoireacht chriticiúil, scileanna cruthaitheacha agus scileanna eagraíochtúla a fhorbairt sna daltaí, mar aon le scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fheabhsú. Tugann an gnó bunsraith foghlama do dhaltaí a chuireann ar a gcumas gairm bheatha a roghnú as raon leathan gairmeacha sa ghnó, sa mhargaíocht, sa dlí, san fhiontraíocht agus sa bhainistíocht.

    Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.

  • Ceimic

    Féachtar i gCeimic na hArdteistiméireachta le cúrsa ábhartha a sholáthar do scoláirí nach rachaidh níos faide ná an leibhéal seo leis an gceimic, agus ag an am céanna, bonnchúrsa a sholáthar dóibh siúd a leanfaidh den cheimic nó d’ábhair ghaolmhara tar éis na hArdteistiméireachta. Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.

    Athruithe ar Shiollabas Ceimice na hArdteistiméireachta (I Meán Fómhair 2013)

    Tá ceartuithe déanta ar shiollabas ceimice na hArdteistiméireachta de dhroim cosc ar shubstaintí a d’ainmnigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán mar Shubstaintí ar Údar Mór Imní iad. Níl aon athrú ar ábhar teoiriciúil an tsiollabais. Tá ceartú déanta ar cheithre cinn de na turgnaimh éigeantacha. Ceartaíodh trí cinn díobh chun nach gá substaintí coiscthe a úsáid iontu agus leathnaíodh ceann amháin eile nár ghá substaint choiscthe a úsáid ann le cinntiú nár athraíodh an méid obair phraiticiúil iomlán sa siollabas.

  • Staidéar Foirgníochta

    Scoláirí sraithe sinsearaí a roghnaíonn Staidéar Foirgníochta na hArdteistiméireachta, faigheann siad buneolas agus bunscileanna i dteicneolaíocht na foirgníochta agus in ábhair agus i bpróisis foirgníochta. Forbraíonn na scoláirí a gcumas smaointe agus eolas a chur in iúl agus breathnú cruinn agus imscrúdú eolaíoch a dhéanamh trí ábhair agus próisis a thaiscéaladh.

    Ar dhá leibhéal a dhéantar Staidéar Foirgníochta a mheasúnú – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal – le scrúdú scríofa, scrúdú praiticiúil, agus measúnú ar thionscadal scoláire.

  • An Eacnamaíocht

    Is é an aidhm atá ag Eacnamaíocht na hArdteistiméireachta fiosracht agus spéis an scoláire a mhúscailt sa timpeallacht eacnamaíochta agus sa chaoi a mbíonn sé ag idirghníomhú léi. Forbraíonn sí sraith scileanna, eolais agus luachanna a chuireann ar chumas an scoláire tuiscint a fháil ar na fórsaí eacnamaíochta a imríonn tionchar ar a shaol laethúil, ar a shochaí agus ar a gheilleagar ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus domhanda. Bíonn sé níos eolasaí mar chinnteoir dá bharr.

    Déantar Eacnamaíocht a mheasúnú ar dhá leibhéal – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, in dhá chomhpháirt mheasúnachta staidéar taighde agus páipéar scrúdaithe.

    Léirítear an gaol idir cur i bhfeidhm scileanna agus ábhar teoiriciúil na sonraíochta sa dá chomhpháirt mheasúnaithe.

    Beidh an staidéar taighde bunaithe ar threoir a eiseoidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) gach bliain.

  • An Innealtóireacht

    Is éard is ábhar d’Innealtóireacht na hArdteistiméireachta staidéar ar an innealtóireacht mheicniúil sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas. Foghlaimíonn scoláirí na scileanna is gá chun tionscadail teicneolaíochta a phleanáil, a fhorbairt agus a chur i gcrích ar shlí shábháilte, agus an tionscnaíocht chun tabhairt fúthu. Cuirtear an bhéim ar sheiftiúlacht, ar chruthaitheacht agus ar dhearadh, agus tionscadail teicneolaíochta á bpleanáil agus á bhforbairt. Dhá phríomhréimse staidéir atá ann: próisis cheardlainne, agus ábhair agus an teicneolaíocht.

    Ar dhá leibhéal a dhéantar an innealtóireacht a mheasúnú – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal – le scrúdú scríofa, tionscadal agus scrúdú praiticiúil.

  • Tíreolaíocht

    Cabhróidh Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta le scoláirí tuiscint a fháil ar an ngaol athraitheach idir an domhan fisiceach agus domhan an duine. Trí staidéar a dhéanamh ar an tíreolaíocht, sealbhóidh scoláirí na scileanna tíreolaíocha a chabhróidh leo breithiúnas eolach a dhéanamh ar cheisteanna áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

    Féadfar Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta a dhéanamh ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal. Trí chuid atá sa chúrsa – croí-aonaid, aonaid toghthacha agus aonaid roghnacha. Measúnaítear an tíreolaíocht ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal. Bíonn ar scoláirí tuarascáil a scríobh ar imscrúdú tíreolaíoch agus scrúdú scríofa a dhéánamh.

  • Stair

    Is é ábhar Stair na hArdteistiméireachta saol na ndaoine a ghabh romhainn. Déantar imscrúdú ar an bhfianaise atá ar marthain maidir le saol ár sinsear. Cothaíonn an cúrsa teagmháil idir an scoláire agus daoine a ghabh romhainn, a mhair i saol a bhí neamhchosúil, ar mhórán bealaí, le saol an lae inniu. Cothaítear tuiscint sna daltaí ar staid an duine agus ar na rudaí a inspreagann an duine. Trí dhíriú ar mheastóireacht ar fhianaise, rannchuidíonn sé go mór chun smaointeoireacht chriticiúil an scoláire a fhorbairt. Trí bheith páirteach i dtaighde, foghlaimíonn scoláirí conas dul i mbun foghlaim neamhspleách.

    Déantar Stair na hArdteistiméireachta a mheasúnú ag dhá leibhéal – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Dhá chomhpháirt measúnachta a bhíonn ann – tuarascáil ar staidéar taighde (a chuirtear ar aghaidh roimh an scrúdú) agus scrúdú scríofa.

  • Eacnamaíocht Baile

    Scoláirí a roghnaíonn Eacnamaíocht Bhaile, sealbhaíonn siad an t-eolas, an tuiscint, na scileanna agus na dearcthaí is gá chun a saol féin a bhainistiú, chun dul i mbun breisoideachais agus ardoideachais, agus chun dul ar aghaidh chuig saol na hoibre. De thoradh na n-eispéireas foghlama san eacnamaíocht bhaile tagann scoláirí chun bheith solúbtha agus inoiriúnaithe, ullmhaítear iad do shochaí atá dírithe ar an tomhaltóir, agus foghlaimíonn siad na rudaí bunúsacha do ghairm i mbia, teicstílí, san eolaíocht, i ndearadh, i staidéar sóisialta agus sa turasóireacht. Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.

  • Ceol

    Sraith gníomhaíochtaí ceoil idirghaolaithe atá i gceist i gCeol na hArdteistiméireachta, i ngach ceann de thrí chroí-réimse an cheoil – seinm, cumadóireacht agus éisteacht. Sa tseinm, roghnaíonn scoláirí as rogha gníomhaíochtaí seanma aonair agus/nó grúpa. Sa chumadóireacht, sealbhaíonn scoláirí tuiscint ar struchtúr agus ar fhoirm an cheoil, agus san éisteacht, foghlaimíonn siad conas eispéireas saibhir éisteachta a bheith acu trí iad féin a nochtadh do cheoil ó thréimhsí, stíleanna agus seánraí difriúla.

    Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.

  • Fisic

    Féachtar i bhFisic na hArdteistiméireachta le tuiscint ar bhunphrionsabail na fisice agus a bhfeidhmiú sa saol laethúil a thabhairt do scoláirí. Tairgeann sé oideachas ginearálta san fhisic do scoláirí, as a leanann tuiscint ar an modh eolaíoch agus an cumas rudaí a bhreathnú, smaoineamh go loighciúil agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh. Dlúthchuid den siollabas is ea An Eolaíocht, an Teicneolaíocht agus an tSochaí, ionas go mbeidh na scoláirí feasach ar na prionsabail a ghabhann le cur chun feidhme na fisice sa saol laethúil.

    Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.

  • Fisic agus Ceimic

    Siollabas ar leith is ea an siollabas fisice agus ceimice agus ní ceadmhach do dhaltaí a roghnaíonn an siollabas seo scrúdú na hArdteistiméireachta a dhéanamh i bhFisic ná i gCeimic. Ábhar trialach praiticiúil is ea Fisic agus Ceimic agus féachtar ar obair phraiticiúil na ndaltaí mar chuid dhílis den chúrsa.

    Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.

Students can choose from the following optional subjects

  • Accounting

    Leaving Certificate Accounting provides students with the knowledge, understanding and skills in accounting and financial management necessary for managing personal and basic company accounts. The learning experiences in accounting develop students’ organisational, logical thinking, planning and problem-solving skills for their future life, work and study. It also develops their numeracy skills within the context of business and enterprise. The syllabus is for students in the senior cycle of post-primary education and is assessed at Higher and Ordinary levels.

  • Art

    Welcome to the new Leaving Certificate Art specification.
    This specification is built around the artistic process and how it supports learning. Art is both creative and expressive and it provides an opportunity for the development of the skills necessary for creative engagement with the world.
    The specification sets out clear expectations for students, across three inter-related and inter-dependent strands: Research, Create and Respond.

    To access the online specification, guidelines, the current Leaving Certificate Art syllabus, which will end in 2021, circulars and other notices, click:
    Online Senior Cycle Art Specification

  • Biology

    Biology is the study of life. Through the study of biology students explore the diversity of life and the inter-relationships between organisms and their environment. They become aware of the use of living organisms and their products to enhance human health and the environment.

    The Leaving Certificate Biology syllabus is for students in the senior cycle of post-primary education and is assessed at Ordinary and Higher levels. The biology syllabus is currently under review.

  • Business

    Leaving Certificate Business creates an awareness of the importance of business activity and develops a positive and ethical attitude towards enterprise. The learning experiences in business develop students’ critical thinking, creative and organisational skills while enhancing literacy and numeracy skills using real-life examples. Business provides students with a learning foundation for a wide range of careers in business, marketing, law, enterprise and management.

    This syllabus is for students in the senior cycle of post-primary education and is assessed at Ordinary and Higher levels.

  • Chemistry

    Leaving Certificate Chemistry aims to provide a relevant course for students who will complete their study of chemistry at this level while, at the same time, providing a foundation course for those who will continue to study chemistry or a related subjects following completion of their Leaving Certificate. This syllabus is for students in the senior cycle of post-primary education and is assessed at Ordinary and Higher levels.

    Adjustments to the Leaving Certificate Chemistry Syllabus (Changes in September 2013):

    The Leaving Certificate chemistry syllabus has been adjusted as a result of a ban on substances that have been designated as Substances of Very High Concern by the European Chemicals Agency. The theoretical content of the syllabus is not being changed. Four of the mandatory experiments have been adjusted. Three are being adjusted to accommodate the removal of banned substances and one that did not require the use of a banned substance is being extended to ensure that the overall amount of practical work in the syllabus does not change.

    Note: These adjustments are effective from September 2013 for all students who will sit the Leaving Certificate Chemistry examination in 2015 and thereafter.

  • Construction Studies

    Leaving Certificate Construction Studies provides students in the senior cycle of post-primary education with an introduction to the knowledge and skills involved in construction technology and construction materials and processes. Students develop their ability to communicate ideas and information and to apply accurate observation and scientific investigation through exploring materials and processes.

    Construction studies is assessed at two levels, Ordinary level and Higher level, by means of a written examination, a practical test, and an assessment of student project work.

  • Economics

    Leaving Certificate Economics aims to stimulate students’ curiosity and interest in the economic environment and how they interact with it. It develops a set of skills, knowledge and values that enables students to understand the economics forces which affect their everyday lives, their society and their economy at local, national and global levels, making them more informed as decision-makers

    Economics is assessed at two levels, Ordinary level and Higher level, by means of two assessment components: a research study, and an examination paper.

    Both components of assessment reflect the relationship between the application of skills and the theoretical content of the specification.

    The research study will be based on a brief issued annually by the State Examinations Commission (SEC).

  • Engineering

    Leaving Certificate Engineering is the study of mechanical engineering for students in the senior cycle of post-primary education. Students develop the skills and initiative in the planning, development and realization of technological projects in a safe manner. Practical resourcefulness, creativity and design in the planning and development of technological projects are emphasised. There are two main areas of study: workshop processes, and materials and technology.

    Engineering is assessed at two levels, Ordinary level and Higher level, by means of a written examination, a project and a practical examination.

  • Geography

    Leaving Certificate Geography will help students develop an understanding of the changing relationships between the physical and human worlds. Through their study of geography, students will develop geographical skills that will help them to make informed judgements about issues at local, national and international levels.

    Leaving Certificate Geography may be studied at Ordinary or Higher level. The course is divided into core, elective and optional units of study. Geography is assessed at Ordinary and Higher level. Students are expected to complete a report on a geographical investigation and to sit a written examination.

  • History

    Leaving Certificate History deals with the experience of human life in the past. The study of history involves an investigation of the surviving evidence relating to such experience. It brings students into contact with human experiences that are often very different from their own and fosters their developing understanding of the human condition and human motivation. Through its focus on the evaluation of evidence, it contributes significantly to the development of students’ skills of critical thinking. Through its focus on research, it allows students the opportunity to develop their skills of independent learning.

    Leaving Certificate history is assessed at two levels, Ordinary level and Higher level. There are two assessment components: a research study report (submitted prior to the examination) and a written examination.

  • Home Economics

    Leaving Certificate Home Economics provides students with knowledge, understanding, skills and attitudes necessary for managing their own lives, for further and higher education and work. The learning experiences in home economics develop flexibility and adaptability in students, prepare them for a consumer-oriented society and provide a learning foundation for a wide range of careers in food, textiles, science, design, social studies and tourism.

    This syllabus is for students in the senior cycle of post-primary education and is assessed at Higher and Ordinary levels.

  • Music

    Leaving Certificate Music involves a series of interrelated musical activities within each of the three core areas of musical experience – performing, composing and listening. In performing, students choose from a variety of individual and/or group performing activities. In composing, students develop an understanding of musical structure and form, while the listening component provides for rich aural experiences through exposure to music of different periods, styles and genres.

    This syllabus is for students in the senior cycle of post-primary education and is assessed at Higher and Ordinary levels.

  • Physics

    Leaving Certificate Physics aims to give students an understanding of the fundamental principles of physics and their application to everyday life. It offers a general education in physics to all students, enabling them to develop an understanding of the scientific method and their ability to observe, to think logically and to communicate effectively. Science technology and society (STS) is an integral part of the syllabus so that students can be aware of the principles of the applications of physics in the everyday world.

    This syllabus is for students in the senior cycle of post-primary education and is assessed at Higher and Ordinary levels.

  • Physics & Chemistry

    The Physics and Chemistry syllabus is a discrete syllabus and students presenting for this subject in the Leaving Certificate examination may not present for either of the individual syllabuses, Leaving Certificate Physics or Leaving Certificate Chemistry. Physics and Chemistry is an experimental and practical subject and practical work by students is regarded as an integral part of the course.

    This syllabus is for students in the senior cycle of post-primary education and is assessed at Higher and Ordinary levels.