A Chlann uile scoile,
Creid ann nó gan do chreideamh a chur ann is é inniu lá deiridh de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Ach oiread le laethanta na hóige ní bhíonn preab agus spraoi na seachtaine seo i bhfad ag dul tharainn.
Bhí iarracht den scoth á déanamh agaibh le linn na seachtaine, agus, as sin tá an fhoireann thar a bheith bródúil asaibh ina thaobh sin. Ba bhreá linn go dtógfaidh sibh an iarracht sin libh agus barr maise a chur uirthi inniu ag glacadh páirte le himeachaí an lae inniu.
Seo chugaibh Dúshlán agus Seanfhocal an Lae inniu agus Tá Tráth na gCeist anseo https://linktr.ee/colaistedehide