Peil na mBuachaillí F15

January 30, 2026

D’imir na buachaillí faoi 15 i gcoinne foireann an-láidir ó Phobalscoil Teach na Giúise i gcluiche ceathrú ceannais inné. In ainneoin na haimsire lofa d’éirigh lena leaids bua a fháil sa dara leath tar éis na foirne a bheith ar chomhscór 1-01 ag leathama. Bhí cosaint láidir sa cúpla nóiméad deireanach nuair a bhí brú mór ó Phobalscoil Teach na Giúise ach bhuadar faoi dheireadh!