Comhghairdeas ó chroí le Mollaí, Éilís, Alexandra agus Alex ó Bl 4 a chur seó den scoth ar siúl an Aoine seo caite mar chuid den chlár Tenderfoot san amharclann Civic i dTamhlacht! Chuaigh daltaí na hidirbhliana chun é a fheiceáil agus bhí réimse leathan tallainne dochreidte le feiceáil. Bualadh bos libh uilig!